Léitheoirí na Gaeilge English

Léitheoirí na Gaeilge

Chugainn sa bhliain 2023!

Tionscadal úr píolótach é seo le léitheoireacht na Gaeilge a chothú agus a fhorbairt. Lárphointe eolais a bheidh sa suíomh seo, leitheoiri.ie, ar a scaipfear eolas cothrom le dáta maidir le gach gné den léitheoireacht sa Ghaeilge. Gheofar air eolas faoi leabhair nuafhoilsithe agus gach saghas ábhar léitheoireachta ilmheán; clubanna leabhar; leabharlanna; siopaí leabhar; imeachtaí; suíomhanna gréasáin; ríomhleabhair; podchraoltaí; físeáin; agus neart eile.

Anuas air sin ar fad, tá sé i gceist tús áite a thabhairt ar an suíomh do léirmheastóireacht na Gaeilge ar bhealaí éagsúla, le cabhair an phobail mhóir.

Ar deireadh, beidh fáilte mhór ar ais ar an saol roimh sheanchara, An Léitheoir, a eiseofar dhá uair in aghaidh na bliana leis an eolas is cuimsithí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge faoi shaghsanna éagsúla ábhair léitheoireachta.

Comhordaitheoir Tionscadail

Fáiltíonn ‘Léitheoirí na Gaeilge’ roimh iarratais don chúram leanúnach lánaimseartha seo

Fógra Pacáiste eolais

Próiseas Comhairliúcháin

Tugadh faoi Próiseas Comhairliúcháin mar chuid den tionscadal idir Nollaig 2020–Eanáir 2021. Tá tuilleadh eolais thíos maidir leis an bpróiseas agus na mórphointí a d’eascair as.

Preasráiteas Achoimre fheidhmeach